Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Dlúthpháirtíocht an Aontais Eorpaigh leis an Úcráin

Conair na hÚcráine i dtreo aontachas leis an Aontas

Cead tugtha chun tús a chur le caibidlíocht aontachais

An 14 Nollaig 2023 tháinig ceannairí an Aontais ar chomhaontú tús a chur le caibidlíocht aontachais leis an Úcráin agus d’athdhearbhaigh siad a dtiomantas leanúint de thacaíocht láidir a thabhairt don tír agus dá muintir chomh fada agus is gá.

D’iarr ceannairí an Aontais ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh an creat idirchaibidlíochta a ghlacadh ach a mbeidh na bearta athchóirithe ábhartha a leagtar amach i moltaí an Choimisiúin ón 8 Samhain 2023 curtha i gcrích ag an Úcráin.

Gach Úcránach atá ag troid ar son todhchaí níos fearr, tá a shúile ar an Eoraip. Agus le chéile, is féidir linn an troid sin a bhuachan. Le chéile, is féidir linn ár nAontas a iomlánú. Le chéile, is féidir linn an Úcráin a thabhairt isteach inár mbaile Eorpach coiteann. Sin aisling laochra agus mhairtírigh na hÚcráine. Agus sin an aisling atá againne freisin. Le cheile, is sinne an Eoraip.

Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh

Ag súil le teacht isteach san Aontas Eorpach

Chuir an Úcráin isteach ar bhallraíocht san Aontas ag deireadh mhí Feabhra 2022, cúpla lá tar éis don Rúis fogha iomlán gan chúis gan údar a thabhairt faoin Úcráin. Chuir an Coimisiún i láthair a Thuairim ar an iarratas i mí an Mheithimh 2022, agus bhronn na Ballstáit uile stádas mar iarrthóir ar bhallraíocht san Aontas ar an Úcráin an mhí sin. 

San Úcráin, chruthaigh sin dinimic láidir athchóirithe le tacaíocht láidir ó mhuintir na hÚcráine in ainneoin an chogaidh leanúnaigh.

Céimeanna i dtreo aontachais – bunús láidir le haghaidh comhpháirtíocht chomhchuí

I measc na ngnéithe lárnacha i gconair na hÚcráine i dtreo tuilleadh comhtháthaithe san Aontas in 2022 bhí an Comhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Úcráin, a Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála, atá i bhfeidhm ó 2017, san áireamh, agus cinneadh an Aontais stádas mar iarrthóir ar bhallraíocht san Aontas a bhronnadh ar an Úcráin. Tá sé léirithe ag an Úcráin agus ag a saoránaigh go bhfuil siad tiomanta do luachanna daonlathacha, don fhorbairt eacnamaíoch agus dá naisc leis an Aontas a neartú.

Tá réamhthorthaí na comhpháirtíochta sin le feiceáil cheana féin. Mar shampla, glacann eolaithe agus saoránaigh ón Úcráin páirt i gcláir thábhachtacha de chuid an Aontais maidir le taighde, nuálaíocht agus oideachas tríd na cláir Fís Eorpach agus Erasmus. Le déanaí, tháinig an Úcráin isteach i gclár an Mhargaidh Aonair agus sa tSaoráid um Chónascadh na hEorpa.

Cúnamh ón Aontas Eorpach don Úcráin

Tá cúnamh airgeadais suntasach curtha ar fáil ag an Aontas don Úcráin. Ó chuir an Rúis tús lena cogadh foghach in 2022, rinne an tAontas, a Bhallstáit agus a institiúidí airgeadais €98.5 mbilliún de thacaíocht a shlógadh don Úcráin agus dá muintir.

San áireamh leis sin tá € 49.4 billiún d’athléimneacht fhoriomlán eacnamaíoch, shóisialta agus airgeadais na hÚcráine i bhfoirm cúnaimh macra-airgeadais éigeandála, tacaíochta buiséadaí, cúnaimh éigeandála, freagartha ar ghéarchéimeanna agus cabhrach daonnúla. Ina theannta sin, is ionann bearta cúnaimh mhíleata agus €32 bhilliún. Cuireadh €17 mbilliún ar fáil chun cuidiú leis na Ballstáit freastal ar riachtanais mhuintir na hÚcráine atá ag teitheadh ón gcogadh.

Amlíne

  1. an 14 Nollaig 2023

    Chinn an Chomhairle Eorpach tús a chur le caibidlíocht aontachais leis an Úcráin

  2. an 8 Samhain 2023

    Mhol an Coimisiún don Chomhairle tús a chur le caibidlíocht aontachais leis an Úcráin.

  3. an 23 Meitheamh 2022

    D’aithin an Chomhairle Eorpach an pheirspictíocht Eorpach agus bhronn sé stádas mar iarrthóir ar an Úcráin.

  4. an 17 Meitheamh 2022
  5. an 28 Feabhra 2022

    Chuir an Úcráin isteach ar bhallraíocht san Aontas.